Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- Gortboy, Co. Kerry
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 093
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Faghann sé amach an méid fortúin a bhí ag teastabhail ó athair an bhuachalla agus faghann se amach an bhfuil fonn ar an mbuachaill an cailín do phósadh. Téigheann an stócach thar nais leis an sgéal don chailín agus tugann sé a bhreitheamhntas mar seo talamh macánta is eadh é nó cúm cnuic is eadh é nár aibidh gráinne coirce ann ríamh.Má bhíonn an cailín sásta leis an margadh, bailigheann síad go léír lá éigin eile san baile mór agus críochnuigheann síad an cleamhnas annsan. Coiméadann athair an bhuachalla féar bó dó féín agus seómra ins an tig. Téigheann síad go léir istig in oifig an aturnaoí agus sgríobhtar an margadh go léir síos in dubh agus bán.Sa pharóiste seo fad ó, trí seomraí a bhíodh in gach tig feirmeóra: éadhon an seomra thuas, an cistin, agus tón an tighe. Do choimeádadh an sean-fhear an seómra thuas, agus bhíodh tón-an-tighe ag an lánamhna-nuadh pósta. Bhí pósadh i Maol-lios cúpla bliadhain ó shoin. Bhíos ag an bpósadh agus bhí an lá agus an oidhche againn. Bhí coisire breágh fada ag dul go dtí an séípéal agus ag teacht abhaile ó an séípéal.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Beaufort, Co. Kerry