School: Cuileannach (B.) (roll number 1199)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Peadar Ó Cochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 419

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 419

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (B.)
  2. XML Page 419
  3. XML “Teampall an Chnocáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leó taobh istigh don claidhe agus rud éigin 'na láimh ag gach duine. Ní raibh acht gunna amháin aca. Pé sgéal bhí an eaglais leagtha aca nuair a tháinig na saighdiúirí. Cheap na daoine annsan na beadh sé ortha a thuilleadh deachmhaithe do dhioladh. Ach thóg na Protastúnaigh an eaglais arís agus chuireadar gárda de shaigdiúirí uithe i dtreó nár b'féídir le h-aoinne teacht in aice léi.
    Ba mhinic pé sgéal é a théigheadh fir oibre Mhic Giolla Coda isteach ann dhá deisiú. Lá amháin do ghearr an siuineir an glas amach go cúramach agus an tráthnóna in a dhiaidh sin ag dul abhaile dhó chuir sé píosa teine isteach 'na séileidín 'na dtógadh sé a dheínnéar leis ar maidin agus a gabháil thar an eaglais do nuair ná feaca sé aoinne timcheall chuaidh sé isteach agus shocruigh sé an teine go deas istigh i lár an úrláir. An mhaidean in a dhiaidh sin ní raibh ann acht luaithre agus ní raibh fhios ag aoinne conus dóghadh an eaglais.
    Do dhein file ón nduthaig seo darab ainm Tadhg Crón na n-Amhrán dán mar gheall air agus seo bhersa de.
    "Cé leag an teampall arsan sean bhean bhocht!
    Cé leag an teampall acht Conchubhar Breac
    Sa ghleann ann agus fiche fear thar leamhain ann
    Agus cé leag an teampall arsan sean bhean bhocht"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Cochláin
    Gender
    Male