School: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (roll number 6091)
- Location:
- Coornagillagh, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Síadh na h-ainmídhthe feirme atá againn sa bhaile ná ba, chaoirig, muca, gamhna, chapaill asail, tarbh, cú agus madra. Níl aon ainm againn dos na gamhnaibh ach tá ainm fé leith againn do gach bhoin. Druimfionn :- bó dhubh iseadh í go bhfuil scríocaí bána ar a dhruim, tughtar an t-ainm sin ar éirinn uaireannta, baíní, bó bhán iseadh í sin. Tá adarcha chasta ar nhuin eile agus tugtar "cúibí" uirthi, bricí:- bó go bhfuil striocái uirthi ar nós breach. Bíonn síad istigh i gcró na mbó gach oidhche sa geimheadh. Bíonn siadh ceangailthe tímceall na n-adhare agus na ba ná fuil aon adarcha ortha bíonn siadh ceangailte tímchell na mhuinéal Crochtar crúd chgapall istig i gcró na mbó cun go mbeidh an rath ar an stuic, dá ndortfadh bainne lé línn an bhó a bheith crúidhte deirteat go raibh sé ag teastail ó dhuine éigin des na daoine maithe.
- Collector
- Máirín Ní Ceallaig
- Gender
- Female