School: Scoil N. Erc
- Location:
- Baile an Mhúraigh, Co. Kerry
- Teacher: Bean Uí Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Erc
- XML Page 163
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ag baint phrátaí i gCíll Chuáin fadó. Níor bhfada do ann nuair thug sé fé ndeara leach bheag ceathair chúinneach thíos fé cré. Thug sé iarrach ar an leach a bhaint leis an ramhain ach níor éirig leis. Cúpla lá na dhiaidh sin ghaibh a mhac thar an leac san agus thug sé fé ndeara í.
Chuaidh sé ag triall ar ramhain chun í bhaint agus tar éis mór chuid dá dhuadh a bheith fachta aige do bhain sé í agus is amhlaidh a bhí cnapáin óir thíos fúithe.
Tug sé leis abhaile an t-ór agus chuir i gcoiméad é. I gcionn cúpla lá do buaileadh bréoidhte é. Cuireadh fios ar an sagart do agus do h-innseadh an sgéal do mar gheall ar an ór. Thug an sagart órdú do duine éigin an t-ór a chuir thar n-ais san áit go raibh sé. Do deineadh san agus bhí an duine bréoidhte chómh maith agus bhí sé riamh fé tráthnóna.
ó Pádruigh ó Súilleabháin baile an lochaigh,baile na nGall- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry