School: Scoil N. Erc
- Location:
- Baile an Mhúraigh, Co. Kerry
- Teacher: Bean Uí Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Erc
- XML Page 159
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i bhfolach fé'n gcrann go raibh sí suidhte fé ach go raibh sé ana dheacair teacht air mar go raibh madra mór ag tabhairt aire dho.
Annsan do thug sí aprúnín beag breac do agus dúbhairt sí leis é leathadh amach chómh luath agus thiocfhadh sé go dtí an seomra go raibh an madra suidhthe ánáirde ar chómhra beag airgid. Ins an dara seómra bhí madra níos mó ná an céad ceann agus an rud céadna a dhéanamh leis agus ins an triomhadh seómra go raibh madra níos mó ná aon ceann do'n dá cheann eile agus an rud céadna a dhéanamh leis an madra sin. Do ghaibh an saighdiúir a bhuidheachas léithe agus d'imtigh an bhean léi.
Chómh luath agus a fuair an saighdiúir imthighthe í do chuir sé chun oibre. Do tógh sé anáirde leach mór a bhí fé bhun an chrainn agus d'imthigh(continues on next page)- Collector
- Máire Nic an t Saoir
- Gender
- Female
- Address
- Cill Chúile, Co. Kerry
- Informant
- Pádruigh Mac an t Saoir
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 72