School: Luachair (roll number 10045)

Location:
Lougher, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luachair
  2. XML Page 025
  3. XML “Seán Bhaile an Scotaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dubhairt sé in a aigne go raibh sé cómh maith aige an áit d'fhágaint faoi Sheán feasta.
    Ag déanamh siar ar a' dtráthnóna nuair a bhí na daoine a'fánughadh agus gan ach fo- dhuine ag tabhairt an turais do chuaidh an sean bhacach cun cainnte le seán agus dubhairt sé mar seo. Side an lá is measa a dheineas ó'n gcéad lá thánghas annso. Táim annso gach bliadhain le cúig bliadhna fichid is sé an lá indiu an lá is deilbhe dár bhraitheas fós. Dheinis raic indiu díom, is mar sin do.
    'Cad as tú? ars sé le Seán. "Ó ceanntar a'Daingin iseadh mise" arsa Seán.
    'Cia ar díobh annsan tú?" ars an bacach.
    "Do mhuintir Righin iseadh mé" arsa Seán. 'Ní mór dom chineadh sin tímcheall" ars an bacach. Bhíodar a'cainnt sa chómhradh mar sin le chéile tamall agus bhí an doiceall ag imtheacht de'n t-seana bhacach. D'fhiafruig sé do Sheán an raibh lá maith déanta aige féin is dubhairt Seán go raibh leath-tharrach air geall leis le h-airgead.
    Sé rud gur chuimhnigh an sean bhacach air ná dá mbeadh sé mar chliamhain aige ná beadh aon lá dealbh go deo ag an inghin.Sé an smaoineamh a bhí i gceann Seán leis,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Gabha
    Address
    Carrigaha, Co. Kerry