School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt rí ann fadó sa tsean -aimsir. Bhíodar an-mhór le n-a chéile. Bhí mac ag duine acu agus sé an ainm a bhí air ná Gruagach Fionn an Óir. Bhí inghean ag an rí eile agus dheineadar cleamhnas le chéile. Nuair do bhí an cleamhnas déanta acu bhí draoidheacht agus diablaidheacht ag athair an chailín óig is ní raibh ag athair an fhir óig. Bhí an draoidheacht ag Gruagach Fionn an Óir leis. Do tháinig athair an chailín óig agus chuir sé ar oileán eile tamaill fada ó bhaile iad agus thug sé ríoghacht eile dóibh. Bhain sé an ceann d'athair an Ghruagaigh agus bhí an dá ríoghacht aige féin annsan.
Bhí an bainrioghan ingiorracht do leanbh a bheith aice agus níor mharbh sé í uime sin. Chuir sé amach tamall mór ó'n gcúirt í i mbothán bhocht. Rugadh an leanbh igcionn tamaill, agus bhí sí ag tabhairt aire do'n leanbh fé mar fhéad sí. Bhí truagh ag an rí di agus chuir sé adhbhairín bídh di. Bhí sé ag cur bídh chúiche go dtí go raibh an leanbh ag éirighe suas 'na fear. Bhí sé ag fás is ní raibh aon fhocal cainnte aige, agus má bhí ní labharfadh sé le n-a mháthair. Bhí sé ag fás go raibh faid an bhotháin ann. Bhí sé ocht mbliadhna déag(continues on next page)- Informant
- Tomás Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupations
- Feirmeoir
- Oibrí
- Address
- Cruach Mhárthain, Co. Kerry