School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 464
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do bhí baintreach na cómhnuidhe i bparóiste Fionn Trágha fadó agus bhí aon mac amháin aici.”
Do bhí baintreach na cómhnuidhe i bparóiste Fionn Trágha fadó agus bhí aon mac amháin aici. Amadán mór a beadh an mac san agus tugtí amadánín na bréide glaise air, mar chuir a mháthair go dtí an daingean é lá ag díol bréide glaise. sar a dh'imthig sé dúbhairt a mháthair leis gan sgilling an t-slat d'fhághail air.
Nuair a bhí se leath slíghe ann do tháinig maidrín amach as tig agus do bhí sé ag sgreamhuighil air. Do mheas an t-amadán go raibh an madra ag rádh, "Tabharfadh duit sgilling an t-slat duit air. Chaith sé chuige an bréid, agus dúbhairt sé leis an t-airgead do bheith oireamhnach nuair a bheadh sé ag teacht abhaile mar chuaidh sé féin go dtí an aonach.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chuaidh sé isteach sa tig agus d'iarr sé an t-airgead ortha. Do bhí iongnadh ortha agus dúbhradar ná bhfeacadar aon rud aige an maidrín. Bhí sé ag báisteach agus thug muinntir an tíghe casóg do agus dúbhradar leis é do chuir abhaile lá éiginn eile.(continues on next page)- Collector
- Na Buachaillí Scoile