School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 266
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí rí 'na chómhnuidhe i gCaisleán Ráthchonáin na céadta bliadhain ó shoin agus bhí arm mhór aige.”
(continued from previous page)seisean leis gan a mhisneach a chailleamhhaint pé rud a dhéanfadh sé agus leigint do gach nídh tuitim amach fé mar a chuirfeadh sé amach.Do trialladh an saighdiúr agus daonadh chun an crochadh é. Nuair a bhíodar ag dul go dtí an chrann a bhí an rígh féinig ann agus d'iarr an saighdiúr ar an rígh leigint do gal a bheith aige. Dúbhairt an rígh go bhféudfadh agus dhá ghal dá mba mhaith leis é. Ansan do las sé an píop leis an solus gorm agus tháinig an fearín chuige aríst. D'iarr sé ar an bhfearín na daoine go léir a bhí inaon-feacht leis a mharbhú agus do dhein an fearín fé mar a dubhradh leis.Nuair a tháinig sé go dtí an rí chun é mharbhú diarr an rígh trócaire air agus go dtabharfadh sé a ingean do le pósadh agus a ríogacht nuair gheóbhadh sé bás. Phós sé inghean ar rígh agus mhair sé go rámh as san amach.- Informant
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry