Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Kerry
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 040
  3. XML “Seanscéal - Bean an Tine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    síos ann agus thug tamall maith ann, agus shín siar ar an mbórd ansan. Bhí an garsún ag faire airthe agus cheap go raibh sí caillte agus dúbhairt gur b'é féin a chúiseóchfaidhe innti. Ach a n-eirigh sé ar maidin dúbhairt sí leis
    "Tá's agamsa cad a bhí 'á thaidhreamh aréir duit."
    "Ní caillfear mise ar aon chor mar is ceann de phláineadaí na bhFlaitheas me". "Tá t-athair anois", ar sise, "anáirde ar neamh agus tá do mháthair mar mhaistín ar gheataí Iofrainn"
    D'fiafruig sí ansan do ar mhaith leis iad d'feiscint agus dúbhairt gur mhaith.
    "B'fearra dhuit gan do mháthair ar aon chor dfheiscint", ar sise, "mar níor bhfearra léithe sin aon duine lé n-ithe ná tusa".
    Dúbhairt an garsún go gcaithfeadh sé iad araon d'feiscint.
    "Seo bulóg duit", a dúbhairt an bean, "agus nuair a bheir ag gabháil tháirse, caith leath de'n mbulóig chúiche agus nuair a bheir ag teacht caith an leath eile chúiche."
    D'imthig sé agus dhein mar a dúbhairt leis agus ansan nuair a tháinig, dúbhairt leis dul ag feuchaint ar a athair agus chuaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    Com Dhíneol, Co. Kerry