Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Kerry
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Iníon an Rí agus an Phiast”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Is truagh Ruadh an bhun cuirp sin agat", ar sise
    "Is truagh Ruadh bun cuirp ar an droch-chuid," arsan garsún.
    "Téidheann na ba 'on tráig ar snámh 'is dá n-úrúghadh," ar sise.
    Bíd 'na suidhe go h-árd ar chnocáin dá dtriomúghadh," arsan garsún.
    Ansan d'fheuch an phiast timcheall airthe agus chonnaic sí ean tamall uaithe ar chloich agus dúbhairt sí:-
    "Is úr cúmharta a cheann súd thall ar árd an bhirín."
    "Is minic a bhí sé ar fhaithche mín
    agus an drúcht fé bhun a ghoibín." arsan garsún.
    "Gríosach ó'n lasair iochtair," arsan phiast
    "Is uaithe aníos a tháinígis a chaillig," arsan garsún.
    Nuair dúbairt sé an méid sin níor dhein an phiast ach a ceann a bhualadh fúithe agus d'fheacaidh éinne ó shin amach í. Thug an rí leis abhaile an garsún agus do thug sé a inghean dó lé posadh agus leath a ríoghacht féin go dtí n-a bhás agus an ríoghacht go léir ó lá a báis amach.
    Thugadar cuire do bhocht agus nocht do bhí timcheall ortha agus do bhí pósa acu ar feadh seacht lá na seachtmhaine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Bean Labhráis Uí Ciabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile na Rátha Thuaidh, Co. Kerry