School: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (roll number 13155)
- Location:
- Garrafrauns, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fionnagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an púdar dár múcadh is dár bpréacadh
bhí an luaith dár mbuaileadh san éadan
is na piléir ba mheasa ná an méid sin.Seacht seachtmhaine chaith siege le Gaedhil bhocht
níor mhian leobhtha a gcomhlucht a thréigean
nó gur buaileadh buille Cromail ar Fhéinnibh
Agus a Eachdhruim Uí Cheallaigh cuirim léan ortA Eachdhruim agus a Eachdhruim cuirim léan ort
Mallacht is mallacht mhic Dé ort
Mallacht na n-aspol is na naomh ort
ba tú an gráig bhaile ba ghranda bhí i nÉirinnIs dona an spíd a mheathuigh na Gaedheala
mar bheadh caoirigh ar malaigh sléibhe
nó contracha a' slaiseál a chéile
ar uilic is ar uilic na FéinneA Chu Connachta mo sheacht sgalladh is mo shiubhal @ Eibhe?
nach truagh Muire mise i ndiaidh an méid sin
A' smaoineadh ar dhíbirt na Féinní
Mo lot go deo is mo dhoiligh
mo stóilín ón róidín? ó chéile
agus iad go barr easnacha i bhfuil a chéile(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Fionnagáin
- Gender
- Male
- Address
- Garrafrauns, Co. Galway
- Informant
- Liam Ó Díscín
- Gender
- Male
- Age
- 104
- Address
- Milltown, Co. Galway