School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch Bhreac
- XML Page 754
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhíónn sé máll san oidhche agus chuile dhuine imtigheamaidh ó'n teine. Téígheann an mhuinntear is leó an teine agus caitheann siad cuidh de'n teine amach ar chuile ghórt lé faithchios nach bfasach aon ceó innti. Ní bhíonn an teine as ar maidin, nuair a eirigheann na daoine. Bíonn an-spórt againn oidhche Sheán amuigh (?) ag an teine.
Bíonn an-spórt ag na gasuir bheaga lá Féile Stíophan. An oidhche roimhe sin, teigheann siad ag fiadhach na dhreoilíní. Nuair a fhagann siad iad, cuireann siad isteach i soitheach gloine iad go maidin agus thiubharfaidh siad píosa chása doibh, lé faithchios go mbeádh siad cáillte ar maidin. Ar maidin eirigheann na gasuir bheaga an-mhoch, agus béíreann siad ar an soitheach, agus teigheann siad thart ag na tighthe ag cruinniú pighneacha. Nuair a theigheann siad isteach i chuile theach déireann siad rann beagh. Seo é an ránn a déireann siad. Dreoilín, Dreoilín, rí na n-Éan, Is mór é a mhuráin is beagh é féin, éírigh súas a bhean an tigh, is nár leaghaidh Dia do chroidhe le cabhair beag no mór don dreoilín. Nuair a bhíonn an rann sin criochnuighthe acú tiubharfaidh muinntear an tigh cupla pigheann doibh, annsin imtigheann siad agus teigheann siad ag teach eile agus déireann siad an rud céadna ann, agus faghann siad cupla pigheann sa teach sin freisin. Nuair a thagann siad abhaile tráthnóna, bíonn tuairim déíc sgilleacha acú agus bfeidir tuille sgaiththe. Bíonn an-spórt ag na gasuir bheaga lá Féile Stíophan.(continues on next page)- Collector
- Máire Seóighe
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Seóighe
- Gender
- Male
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway