School: Cloch Bhreac (roll number 12106)

Location:
An Chloch Bhreac, Co. Galway
Teacher:
Pádraig de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 718

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 718

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloch Bhreac
  2. XML Page 718
  3. XML “Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    baintreabhaighe ann agus nuair a chuala sé faoi an rí, dubhairt sé leis féin go rachfaidh sé ag cuairt aige. Ar maidin lá ar na bhairach dimtigh sé lé dhul go dtí teach an rí. Nuair a bhí sé cúpla lá ag siubhal shroic sé an teach. Thainic cailín amach aige agus dubhairt an fear léití radh leis an rí a theacht amach. Nuair a chuaidh an cailín isteach thainic an rí amach. D'fiarruigh an rí dho ceard a bhí ag teastail uaidhe, dubhairt an fear go dtainic sé lé súil go bhfuigeach sé a inghean. D'fiarruigh an rí dho raibh aon sgeal nua aige. Dubhairt an fear go raibh, innis dhom é arsa an rí. Bhí mé ag dúl trasna na haibhne ar seisean. Déirigh eascoin as an uisge agus chuaidh sí suas ar bhárr crann, rugh sí dhá uibh dhéag agus thainic éan amach as gach uile uibh. Thug sí léití iad ins an uisge ar an múiméad a thainic siad amach as an uibh. Níor dhubhairt an rí dhada. D'iarr an rí isteach sa párlús é agus dól siad an tae. Chaith siad an tráthnóna sin ag caint agus ag comhrád go dtainic am suipéar. Nuair a bhí an suipéar iththe acú chuaidh siad a chodhladh. Nuair a thainic maidin lá ar na bhairach déirigh siad agus d'ith siad an bricféasta. Annsin thug an rí amach sa ngáirdín é ins an áit a raibh plut. D'fiarruigh an rí dho an bhfacha sé aon plut fathaí chomh maith sin ariamh. Dubhairt an fear go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Seóighe
    Gender
    Female
    Address
    An Chloch Bhreac, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Seóighe
    Gender
    Male
    Address
    An Chloch Bhreac, Co. Galway