School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 165
  3. XML “Brí na Seanfhocal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amháin agus bhí sé ag an gcéol agus bhí fonn troda air. Dubhairt sé "fuil is feoil ar bharr mo mhaide-sa". Tá an sean fhocal sin ag dul thart ó shoin i leith.
    "Tá Béarla Bhrighid Ristéard agat nach dtuigeadh mada beag". Bhí bean in Anac Mheadoin fadó dárb'ainm Brighis Ristéard, bhíodh sí ag labhairt Béarla go h-an mhinich agus ní raibh sí-in-ann é labhairt. Bhíodh gach duine ag magadh fúithi agus chumadar an sean-fhocal seo:- "Tá Béarla Brighidh Ristéard agat nach dtuigeadh mada beag".
    Níor thug sé dhom ach lán mo bheil í sauspán cáirt.
    Bhí fear í bpríosún fadó agus seo an cháil a thugh sé air nuair a thosuigh sé ag déanamh amhrán dhe mar leanas:-
    Tháinigh an Turnkay againn lé nár ndinnéar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish