School: Ros Muc

Location:
Ros Muc, Co. Galway
Teacher:
Stiofán Ó hOisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 395

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 395

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Muc
  2. XML Page 395
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ag subhal oidhche agus d'airigh sé torann ina dhiaidh agus nuair a bhreathnuigh sé taobh thiar dhe chonnaic sé trúir fear agus iad ag iomhur cónra.

    Sgéal.
    Bhí fear ag siubhal oidhche agus d'airigh sé torann ina dhiaidh agus nuair a bhreathnuigh sé taobh thiar dhe chonnaic sé triúr fear agus iad ag iomchur cónra. Tháinig siad suas leis an bhfear agus dubhairt siad leis fanacht annsin go dtagadh siad amach i n-aice leo. Leagadar an cónra ar an talamh agus d'imhtigh leo. Fá cheann tamaill bhig d'airigh an fear rud eicín ag corruighe sa gcónra. A mhúirnín. mo chroidhe thú céard a thiocfad amach as an gcónra ach fear mór millteach. Bhí culaith dhubh air. Bhí a chosa roinnt casta. Bhreathnuigh sé go géar ar an bhfear a bhí in-aice leis agus dubhairt leis. "Tusa a ghaduidhe a bhí ag magadh fúm-sa uair amháin ach beidh aithmhéala ort anois." Bheir sé ar an bhfear agus chuir sé isteach san gcónra é agus chuir sé an clár ar an gcónra aríst. Tháinig na fir eile ar ais agus thugadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Treasa Ní Máille
    Gender
    Female
    Address
    An Turlach, Co. Galway
    Informant
    Bean Chuilm Uí Mháille
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Ros Muc, Co. Galway