School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 396
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ag subhal oidhche agus d'airigh sé torann ina dhiaidh agus nuair a bhreathnuigh sé taobh thiar dhe chonnaic sé trúir fear agus iad ag iomhur cónra.”
(continued from previous page)an cónra leo go dtí an reilig agus rinneadh poll mór agus chuireadar an cónra síos ann. Annsin d'imthigh na fir. D'éirigh an fear as an gcónra agus thosaigh sé ag siubhal i measg na marbh. Bhris sé an chónra agus chonnaic sé sean rí isthigh ann agus bhí fáinne agus eile istigh sa gcónra ach níor leag sé lámh ar thada. Annsin thosaigh sé ag rádh a chuid paidreacha agus ní raibh sé ach cúpla noiméad dhá rádh nuair a chonnaic sé spiorad na seasamh ós a chomhair agus dubhairt leis go dtóigfadh sé amach as an bpoll é agus thug. Annsin d'imthigh an fear leis. Bhí sé ag siubhal go dtáinig sé go teach beag a bhí ar leath-taobh an bóthair agus bhí sean-fhear agus sean-bhean sa teach. Chuireadar fáilte roimhe agus thugadar lóistín dhó. Thug an bhean seomra deas dhó agus chuaidh siad uiligh a chodhladh. agus i lár na hoidhche tháinig an tsean bhean isteach agus chuir sí draoidheacht ar an bhfear agus nuair a dhúisig sé ar maidin ní raibh fhios aige tada ach gur sa [!] ina theach féin a bhí sé. Annsin bhí an fear(continues on next page)- Collector
- Máire Treasa Ní Máille
- Gender
- Female
- Address
- An Turlach, Co. Galway
- Informant
- Bean Chuilm Uí Mháille
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Ros Muc, Co. Galway