School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (roll number 4062)
- Location:
- Listowel, Co. Kerry
- Teachers: Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
- XML Page 358
- XML “Fothracha - Lios ar Thalamh Mhuintir Uí Loinsigh”
- XML “Fothracha - Lios Uí Dhuilleáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'éirigh sé agus súid ar aghaidh leis go dtí an lios. Dhein sé romhar san lios go dtí go dtáinig sé chómh fada leis an bpróca. Díreach nuair a bhí lámh amach aige chun breith air, caitheadh clocha leis agus b'éigin dó teitheadh.
Tháinig sé airís an mhaidin in a dhiaidh sin & cheap sé nach mbéadh pioc le déanamh aige ach breith ar an ór, ach chonnaic sé go raibh an poll a dhein sé an lá roimhe sin líonta airís & b'éigin dó an rómhar do dhéanamh airís. Díreach nuair bhí sé chun an t-ór do ghlacadh caitheadh na clocha leis airís. Do theith sé le'n a anam.
Dubhairt sé leis féin go dtagadh sé an mhaidin in a dhiaidh sin, ach fuair sé cómhairle i dtaidhbhreamh gan dul nó chuirfí deire leis. Do glac sé an cómhairle. - Tá an lios seo ar thalamh mhuinntir Uí Dhuilleáin gairid do Dubh-Áth. Oidhche amháin bhí fear ag dul abhaile ón aonach. Nuair tháinig sé cuig an lios do thuit sé ar an mbóthar agus ní raibh ar a chumas éirighe go ceann tamaillín. Nuair d'éirigh sé bhí mearbhall air agus chuaidh sé(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Mheachair
- Gender
- Female