School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 060
- XML “Tiarna Talún an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Na deicmhaidhthe
Caithfeadh an tineónta bíodh sé bocht nó saidhbhir an deichmeadh chuidh do thorthaí na talmhan a thabhairt do'n tighearna agus tiubhradh seisean do'n mhinistéar Protustúnach é le é a chothughadh. Theigheadh an tighearna agus beirt nó triúr póilíní thart ag bailiughadh na ndeicmhaidhthe. Mar a mbeadh na tineóntaí sásta na deichmhaidhthe a íoc bhéarfadh an tighearna agus na póilíní air agus caithfheadh siad amach as an teach ar fad é. Rinne siad an cleas sin le Peadar Breathnach as Leitirmóir. Ní raibh torthaí an-fhairsingh an blhiain áirithe seo agus nuair a tháinig an tighearna agus na póilíní thart ag bailiughadh na ndeichmhaidhthe ní raibh Peadar sásta iad a íoc. Chaith siad Peadar amach ar an mbóthar agus níor chuala mé ariamh cé ndeachaidh sé.- Collector
- Nóra hOibicín
- Gender
- Female