School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Óbáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (C)
- XML Page 317
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)As go bráth leo annsin agus chuir sean-bhean a ceann amach tré fhuinneóig agus dubhairt sí gur ith ceann acu croidhe éin. Ghlaoidh sí isteach iad agus thug sí purgóid dó a chuir iachall air aiseagadh. Tháinig an croidhe aníos ó n-a ghoile agus d'ith an tsean-bhean é.
Annsin chuaidh siad go dtí an Fhrainnc agus annsin pósadh ceann acu le h-inghean an ríogh. Chuaidh an ceann eile amach chuig an ubhal-gort. D'ith sé dhá ubhal agus d'fhás dhá adhairc air. Chuaidh sé go crann piorra annsin agus d'ith sé ceann agus d'imthigh na h-adharca.
Fuair sé dhá ubhal dearga agus dhá phiorra agus bhuail sé leis go tigh an bhandraoi. D'aithnigh sé go maith í agus chonnaic sé a ceann amach an fhuinneóg. Thug sé ceann de na h-ubhlaibh di. D'ith sí é agus d'fhás adharc uirthe. D'ith sí ceann eile agus d'fhás adharc eile. D'fhás siad agus d'fhás siad go dtí narbh fhéidir leithe a ceann a tharraingt isteach an fhuinneóg
An lá in a dhiaidh sin chuir sé cuma doctúra air fhéin agus tháinig chuice. Thug sé piorra amháin di agus thuit adharc amháin di. Thug an ceann eile di agus chaill sí an dára adharc chomh maith. Annsin thug sé purgóid di agus d'aiseag sí an croidhe. D'ith seisean é.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Choscraigh
- Gender
- Female
- Address
- Laragh More, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Ó Coscraigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Laragh More, Co. Galway