School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Óbáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (C)
- XML Page 316
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin dubhairt an seoideóir abhí 'ghá gceannacht an t-éan a thabhairt chuige agus go gceannochadh sé é. Rinne sé amhlaidh agus chonnaic an seoideóir sgríobhtha faoi ceann de n-a sgiatháin "an t-é a iosfaidh croidhe an éin seo gheobhaidh sé nóta cúig phunt faoi n-a cheann gach uile maidin" agus an t-é a íosfaidh a ae pósfaí le inghean rí na Frainnce é.
Mharbhuigh an seoideóir an t-éan ar an bpoinnte boise. Thóg sé amach an ae agus an croidhe agus chuir sé ar an bhfriochtán iad.
Faoi'n am seo bhí na triúr bhuachaillí ar lorg an éin. Chuaidh siad go dtí siopa an tseoideóra gan a mbricfeasta abheith ithte acu. Bhí ocras ortha. Ní fhaca siad éinne mar bhí an cócaire imthighthe amach. D'ith siad an croidhe agus an ae acht ní raibh fhios acu céard abhí 'ghá n-ithe acu.
Tháinig an seoideóir amach agus tháinig lagair air nuair a fuair sé amach céard a thárluigh. D'fhág na buachaillí an áit agus d'imthigheadar amach chun a bhfoirtiún a dhéanamh. Chaith siad seachtmhain le sean-mnaoi. Ar deireadh na seachtmhaine thug sí triochadh punt dóibh. Dubhairt sí go bhfághadh sí cuig punt faoi ceann d'á gcinn gach maidin Thomhas siad annsin gur ith ceann acu croidhe an éin(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Choscraigh
- Gender
- Female
- Address
- Laragh More, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Ó Coscraigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Laragh More, Co. Galway