School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhíodh siad ag baint an choirce aige ní raibh seó ar bith acht a raibh de míoltóga ann, duine ar bith a bhíodh ag éagchaoin na míoltoga séard a ghniodh siad leó gan snáth éadaigh a fhágáil ar a gcraiceann agus théis tamaill iad a chaitheadh le fánaidh i bPoll an Mhianaigh agus an oiread seo uisge ann - agus cead aca eirighe as no báthadh.
Duine ar bith a dheanfadh rud ar bith orraibh bhí réithe mór aca agus é chomh mór le asal agus com drochmhuinte le tarbh ar bith. Chaitheadh an duine seasamh ar aghaidh an réithe, thugadh an réithe faoi agus níl aon tump dá mbuailfeadh sé air nach gcuirfeadh sé ar cúl a chinn an fear. Bhíodh an obair seo aca freisin aca mar caitheamh aimsire dóibh fhéin no go uaisle a bhíodh ar cuairt aca.
Lá amháin bhí go leor daoine aca ag baint fhataí dóibh; bhí an t an ocras orraibh agus d'fhadaigh siad teine agus chuir fataí ag rósta ann.(continues on next page)- Informant
- Seosamh Ó Concannáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Indreabhán, Co. Galway