School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)

Location:
An Cartúr Caol, Co. Galway
Teacher:
T. Ó Cuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Page 0005
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    28. Tá sí thóir is tá sí thiar is tá sí i ngháirdiní Bhlá Cliath, is mo a ghreim na greim chapaill is ní bhlaisfeadh sí go aon bhídh. Speal
    29. Dhá bhó bhuidhe ar cnocán gaoithe, ceann san oidhce is ceann sa ló.
    no
    Dhá bhó bhuidhe ag ceann an tighe ceann sa lo is ceann san oidhce
    Grian agus Gealach.
    30. Cé mhéud cos ar ocht (ucht) muilt.
    Dhá chois.
    31. Cén mí is lugha a ghníonn mna cainnt:- Feabhra.
    32. Siud trí an sáile é fear áilne na gréine, fear an chóitín deirg is snáth dearg in a léine. Gliommach.
    33. Siud agam trid an sruth é, fear na gcos caol agus sé mo thruaigh nach bfeadaim rith uaidh. - An bás.
    34. Fear beag 'na sheasamh ar chlaidhe, itheann sé gach a bfághann sé acht ní ólann sé uisge. Teine.
    35. Céurd é an chuid is aoirde de'n bhó? A géim.
    36. Pighinn, Piginn, Dhá phighinn. Pighinn go leith agus leithphighinn. = Sé phighinne.
    37. Sí an rud is mo san domhan í agus ní mhaireann sí acht mí. Gealach.
    38. Lán páirce do bheithidhigh bána agus bó mór dearg istigh 'na lár.
    Do theanga agus do fiacla.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish