School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín

Filter stories

Back
/ 0041 Forward
Resolution: Low | High
Mo Cheantar Féin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0027

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá mo cheanntar suidhte i n-íarthar na Gaillimhe. Clochán an t-ainm atá ar mo cheanntarsa. Sean bhaile iseadh í seo. Tugtar Clochán uirrí mar gheall ar leic mhóir atá san áit. Tá an leac seo timcheall ceithre troigh ar fhaid agus trí troigh ar leithead agus dhá troigh ar doimhneacht. Tá lorg crú chapaill naomh Pádhraig ar an gcloich úd. Thánaig sé an bealach sin ar a thuras ó Luimneach thríd Doire Bhriain go Cruach Pádhraig.

Tá timcheall dó céad daoine ins an mbaile seo. Tá an cuid is mó do na daoine pósta agus tá clann acu. Níl acht cúpla duine ins an gceanntar atá ós cionn seachomódh blíadhna d'aois. Tá go leór sean sgéalta acu i dtaobh rudaí a chonnaic siad sa tsean aimsir. Ní dheachaidh móran daoine as an mbaile seo go Ameriocá ná tíortha í gcéin.
Tá an talamh uilig go maith agus fasánn na barraí go maith ann. Níl abha ar bith ag rith thríd an bhaile seo. Tá sléibhte agus carraigreacha móra

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Mhuirighthe
Gender
female
Language
Irish
Location
Cloghaun