School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Page 0027
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mo cheanntar suidhte i n-íarthar na Gaillimhe. Clochán an t-ainm atá ar mo cheanntarsa. Sean bhaile iseadh í seo. Tugtar Clochán uirrí mar gheall ar leic mhóir atá san áit. Tá an leac seo timcheall ceithre troigh ar fhaid agus trí troigh ar leithead agus dhá troigh ar doimhneacht. Tá lorg crú chapaill naomh Pádhraig ar an gcloich úd. Thánaig sé an bealach sin ar a thuras ó Luimneach thríd Doire Bhriain go Cruach Pádhraig.
    Tá timcheall dó céad daoine ins an mbaile seo. Tá an cuid is mó do na daoine pósta agus tá clann acu. Níl acht cúpla duine ins an gceanntar atá ós cionn seachomódh blíadhna d'aois. Tá go leór sean sgéalta acu i dtaobh rudaí a chonnaic siad sa tsean aimsir. Ní dheachaidh móran daoine as an mbaile seo go Ameriocá ná tíortha í gcéin.
    Tá an talamh uilig go maith agus fasánn na barraí go maith ann. Níl abha ar bith ag rith thríd an bhaile seo. Tá sléibhte agus carraigreacha móra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Cloghaun, Co. Galway
    Collector
    Caitlín Ní Mhuirighthe
    Gender
    Female