School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Page 0030
  3. XML “Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl teach ar bith a théigheanns tú isteach ann nach gcloisfeá scéal éigin faoi sídheóga. Thart ar fud na h-áite seo an áit is minnic a bhíonn siad le feiceál. Deirtear gur suas ag Coill-na-Taidhbhse atá siad ina gcómhnuidhe, agus go mbíonn siad le feiceál gach oidhche ar an dó dhéag a chlog.
    Bíonn siad le feiceál istigh i bpáirc Micheáil Mac Giollarnáth, feirmeór beag atá thart sa gceanntar seo. Suas in aice na coille atá an áit agus bíonn soillse le feiceál ann go minic.
    Na cinn is mó a bhíonns le feiceál thart, siad sin, an Cóisde Bodhar an Bhean Sídhe, An Mhuc Dhubh, Seán an lampa agus go leór eile. Tá an Cóisde Bodhar le feiceál siar in Talartan ag dul ón sean chaisleán atá i mbaile Bacach go dtí an sean séipéal in Talartan. S’in cóisde mór le ceithre rotha agus péire capall gan ceann, dá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairead Ní Mhaoláin
    Gender
    Female