Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sochraid Sídhe.
Tá cuid mhaith sgéalta thart ar an gceanntar seo faoi sídheóga agus socraidí sídhe. Seo sgéal a chúalas faoi sochraid sídhe.
Bhí fear ag dul abhaile ar fud na bpáirceanna agus bhí air dul thar an lios áithrid seo. Bhí sórt faithchís air agus ar an bpoinnte chúala sé torann mór mar a bheadh go leór capall agus carranna ag teacht. Bhí mar a bheadh go leór caoineadh agus sgreadaighíl ann freisin. Faoí dheireadh tháinig síad súas go dtí ann áit ina raibh an fear. Bhí an céad cárr cómh geal leis an lá beagnach. Sínte ar an gcárr bhí corp marbh de shídheóg agus cúig lása ar gach taobh dhe. D'imthigh an sochraid thart seacht núairi agus annsin d'imthigh síad as amharc de áon sgread mór amháin.
Annsin seadh cuimhnigh an fear go raibh an sochraid sin ina chomhartha go raibh duine dá chlann fhéin caillte. D'imthigh an fear bocht abhaile agus úalach ar an chroidhe agus bhí a dhreatháir sínte mín marbh ar a leabaidh roimhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Grádaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann