School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0263
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cistí Ór i bhfolachDeirtear go bhfuil ór ibhfolach in áit éigin i dTamhain. Tá sé ráidhte go raibh fathach fadó ann agus gur tháinig sé go Cathair na Gaillimhe. Theastuigh uaidh a dhul treasna go Co. an Chláir. Nuair abhí sé ag dul treasna baile Thamhna cheap sé gur deas an áit é le n-a chuid ór a cur ibhfolach.
Tá spota éigin i dTamhain 'nar chuir sé a chuid ór idtaisce dar le muinntear Thamhna. 'Sé an t-ainm atá ar an áit ná "botán Mór". Tá sé suidhte ar an taobh thuaidh den bhóthar idir Tamhain Tiar agus Tamhain Thoir.
Leith-céad blian ó shoin dhún fear darbh ainm Seán Breathnach, dhún sé béal an phuill mhóir le leith-céad tonna clocha agus tá sé ráidhte go bhfuil an pota ór ansin fós.An Dáta 10-1-'38- Informant
- Domhnall Ó Beirn
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway