School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0230
- XML “Na Cleiteacha Ceolmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fuiseóige, isteach leis i gcró cearc. Fuair sé cleite beag annsin, agus thug chuig a mháighistir é. Thosuigh fear na n-amhrán air ag sgríobhadh ar a dhícheall, agus nuair a bhí an t-amhránsgríobhtha thug sé chuig an Rí é. Bhí an Rí an t-sásta agus thug sé cuireadh chun na bainse dhó agus chuir sé fios ar fhonnadóir cáileamhail leis an amhrán a ghabháil. Acht nuair a thosuigh na bhéidhleadóirí dha chasadh ní thiubharfá de shamhail d'on ceól acht bhlaoigh an choiligh le meadhon-lae.
Nuair a chuala an Rí sin ceanglóchthaí fear a b'fhéarr ciall ná é. Bhí sé ag ceapadh gur ag magadh fhaoi a bhí fear na n-amhrán agus ní éisteóchadh sé le leithsgéal ar bith uaidh. Acht mar sin féin tháinig sé saor go leór. Níor thug an Rí dhó ach íde mhaith teangan. Acht bhí an oiread sin ceann faoi agus náire ar an bfear bocht agus níor bhac sé lé aon amhrán a chumahd uaidh sin amach agus d'fhág sin é chomh bocht agus bhí sé an céad lá ariamh.- Informant
- Liam Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway