School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0227
- XML “Na Cleiteacha Ceolmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ann fadó agus ní raibh aon slíghe -beatha aige ach a bheith ag sgríobhadh amhrán agus ag cur ceóil leo. Sgríobh sé go leór amhrán mbréagh ach ba bheag an tsuim a cuireadh ionnta agus bhí sé ag cinne air aon cheannacht a fhághail ortha. Bhí sé ina chómhnuidhe leis féin i mbotháinín beag agus ní mórán do shógh an
t-saoghail a bhí aige. Bhí an saoghal ag dul chomh cruad sin air sa deire gur dhubhairt sé leis féin go rachadh sé amach ar fud sráideanna na cathrach féachaint a bhféadfadh sé a chuid amhráin a dhíol. Acht sé a ndéanadh a dtéigheadh thart breathnú ortha agus imtheacht leo. Annsin thosuigh sé ag casadh ceann dá chuid amhrán ag ceapadh dá gcloiseadh na daoine a bhinneas go béadh truadh aca leis agus go gceannóchaidís é. Ach bhí a glór géar searbh agus ní dhearna a raibh ag dul thart ach glaoidh magaidh dhe. Ba dhoiligheasach a bhí sé agus é ag tabhairt a aghaidh abhaile an tráthnóna sin, agus é ag rádh leis féin go raibh a amhrán deireannach ó thárla nach raibh ag aon(continues on next page)- Informant
- Liam Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway