School: Corra Finne (roll number 12877)

Location:
Corrofin, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corra Finne
  2. XML Page 0111
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill agus a mháthair i-na gcomhnaidhe i dteach beag uair amháin. Ní dhéanfadh an buachaill rud ar bith dá mháthair. Do bhíodh sé i-na luighe faoin ngréin gach lá. Lá amháin ní raibh rud ar bith aca i gcóir a ndinnéir. Dubhairt a mháthair leis, ag dul amach ag obair dhó fhéin.
    Chuaidh sé amach agus thosuigh sé ag obair le h-aghaidh feilméara. D'oibrigh sé go maith ar feadh na seachtmhaine agus i ndeireadh na seachtmhaine fuair sé sgilling ón bhfeilméar. Chuaidh sé abhaile agus nuair a bhí sé ag dul thar droichead, sgiorr a chos agus chuaidh an sgilling isteach ins an abhainn. Nuair a chuaidh sé abhaile, dubhairt a mháthair leis go mba cheart dó an sgilling a chur i-na phóca. An lá ina dhiaidh sin chuaidh sé ag obair le haghaidh fir bhainne agus tar éis seachtmhaine fuair sé canna bainne. Do dhoirt sé isteach i-na phóca é. Nuair a shroich sé an teach bhí sé go léir imthighthe. Dubhairt a mháthair leis go mba cheart dó an canna do chur suas ar bhárr a chinn agus siubhal go mall réidh. Tar éis sin, chuaidh sé ag obair le haghaidh siopadóra. Tar éis seachtmhaine, fuair sé púnt ime. Do chuir sé ar bhárr a chinn í, ach do leagh an ghrian í agus rith sé síos ar a éadan. Nuair a chuaidh sé abhaile, dubhairt a mháthair leis gur cheart dó í a chur idir dhá dhuilleoig cabáiste. An lá i-n-a dhiaidh sin chuaidh sé ag obair le h-aghaidh feilméara arís, agus i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghéad Ní Chearbhaill
    Gender
    Female
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Corrofin, Co. Galway