School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0111
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0111
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill agus a mháthair i-na gcomhnaidhe i dteach beag uair amháin. Ní dhéanfadh an buachaill rud ar bith dá mháthair. Do bhíodh sé i-na luighe faoin ngréin gach lá. Lá amháin ní raibh rud ar bith aca i gcóir a ndinnéir. Dubhairt a mháthair leis, ag dul amach ag obair dhó fhéin.
Chuaidh sé amach agus thosuigh sé ag obair le h-aghaidh feilméara. D'oibrigh sé go maith ar feadh na seachtmhaine agus i ndeireadh na seachtmhaine fuair sé sgilling ón bhfeilméar. Chuaidh sé abhaile agus nuair a bhí sé ag dul thar droichead, sgiorr a chos agus chuaidh an sgilling isteach ins an abhainn. Nuair a chuaidh sé abhaile, dubhairt a mháthair leis go mba cheart dó an sgilling a chur i-na phóca. An lá ina dhiaidh sin chuaidh sé ag obair le haghaidh fir bhainne agus tar éis seachtmhaine fuair sé canna bainne. Do dhoirt sé isteach i-na phóca é. Nuair a shroich sé an teach bhí sé go léir imthighthe. Dubhairt a mháthair leis go mba cheart dó an canna do chur suas ar bhárr a chinn agus siubhal go mall réidh. Tar éis sin, chuaidh sé ag obair le haghaidh siopadóra. Tar éis seachtmhaine, fuair sé púnt ime. Do chuir sé ar bhárr a chinn í, ach do leagh an ghrian í agus rith sé síos ar a éadan. Nuair a chuaidh sé abhaile, dubhairt a mháthair leis gur cheart dó í a chur idir dhá dhuilleoig cabáiste. An lá i-n-a dhiaidh sin chuaidh sé ag obair le h-aghaidh feilméara arís, agus i(continues on next page)- Collector
- Mairghéad Ní Chearbhaill
- Gender
- Female
- Address
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Ó Cearbhaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe