School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)pilleadh do agus ba sgannadhrach an torman agus an ruailli-buaillí do thógadar; le búirebéice na mbó, le sitrigh na gcapall, le meidhligh na gcaorach, le meigidreacht na ngabhar, le tamhaint na madadh, le béiceadh na laochraidhe agus le gach tuaim agus ollghlór an mhór-shluaigh sin. Seacht míle slighe do bhí líonta leo eadar coisidhibh agus marc-shluagh cródh agus caorchaibh, fir trodha agus giollanraidh, lucht tiománta agus ainmhinte dícheíllidhe. Ar rochtain do thús an tsluaigh go h-Áth Sheanaigh bhí a dheireadh taobh budh dheas do Dhrobhaois; agus ba hé sin uair agus aimsear do chuir fear do lucht choimhéada Uí Dhomhnaill ann úmhail do go rabh dhá cáilín óga gha leanmhaint ar dhá each fán lán-shiubhal. D’fhan Ua Domhnaill(continues on next page)