School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shinnsearaibh pósda ar mhnaoi de chloinn Dálaigh agus sipósda ar mhnaoi de chloinn Dálaigh agus siúd is gur de Mhuintir Chonchubhair mise tá fuil Cloinne Dálaigh ann mo chuisleannaibh. Do bhuail Aodh Ruadh mion-bhuille [a]? chloigín do bhí ar chlár os a choinne agus tháinig a ghiolla isteach chuige. “A Thaidhg” ar sé, “beir isteach chugam sé cuirn uisge agus corn amháin [bain]? agus soitheach follamh le na [measgá]? Do imthigh Tadhg agus níor bhfada dhó imthighte go dtáinig sé isteach arís ag na neitheanna leis do thrastuigh ó’n Fhlaith. Dhóirt Aodh Ruadh féin an méid. Bhí ins na seacht gcuirnibh isteach san tsoitheach follamh agus le [sp]? mhór do mheasg sé an tiomlán [thr]? a chéile. D’amharc sé go gcur -radharc san tsoitheach go bhfaca sé go rabh [da]? (dubh) beag de’n bhainne ar an uisge. “Seadh, a mhic Uí Chonchubhair,” ar sé, “(continues on next page)