School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 71
- XML “Bá Ghort a' Choirce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheag chumhang seo dhá uair sa lá, acht níl sé uilig comh cumhang leis an chanal. Níl leoga, na tá sé trí mhíle ar leithead i n-áit amháin. Acht tá an tráigh comh comtrom sin, is nach mbíonn ós cionn ceithre troighthe go leith uisge ar doimhne ann, am ar bith acht le rabharta áit bhréagh snámhtha í, agus is iomdha lá a bhí cúpla buille agam uirrí. Tá abhainn Ghleann-Átha ag dul isteach inntí faoi thoighe Cheallaighe, agus níl an béal aici seo a dhath níos leithne na bealach mór maith. Théidh an abhainn seo síos go dtí an canal go dtí an fhairrge mhór nuair a bhíos an lán-mara amuigh, agus is furast an abhainn seo a aithne uair ar bith, is inntí is láidre a bhíos an sruth. Is furast don trnámhaidhe í a aithne fosta, na tá a h-uisge cuid mhaith níos fuair na an sáile in a timcheall. San(continues on next page)
- Collector
- P. Mac Ailín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir