Scoil: Baile Ciaragain (uimhir rolla 13127)
- Suíomh:
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Donegal
- Múinteoir: Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt an dara cailín go rabh sí ag imteacht.
D'iarr an t-athar uirthí fánacht agus go bhfuigheadh sé rud ar bith a ba maith leithí.
D'iarr sí sin culaith , agus realt os choinne gach realt sa spéir ann.
Fuair an t-athair ann culaith sin fosta.
Tamaill indiaidh sin bhi an cailín eile ag imteacht, agus dubhairt an t-athar leithí go bfuigeadh sí cé bith a ba maith leithí. D'iarr sí bascaid rosaí dearga.
Ins an Geímhreadh a bhí sé, agus ní rabh an t-athar abálta na rosaí dearga a fhághail.
Curthaigh sé achan áit, agus bhí sé ag pilleadh na bhaile arais.
Ar a bhealach na bhaile chonnaic se garraidh lán de rosaí móra dearga.
Chuaidh se isteach, agus taobh istuigh de'n balla, bhí madadh mór. D'fiafruig an madadh do caidhe bhí dhiogbhail air. Dubhairt an fear go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Áine Ní Braon
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Oibrí feirme (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)