School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 280
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá dhá reilg sa pharróiste seo, reilig Ghaedhealach agus reilig Ghallda. Tá an reilig Ghaedhealach i n-Árd-an-Aifrinn agus an reilg Ghallda i Ros-na-Cille. Cuirtear achan nduine a gheibh bás sa pharróiste ionnta fós. Níl cuma nó deánamh ar reilig na nGaedheal acht tá reilig na bProdastúnach cearnógach agus go maith leibheálta fosta.Tá fánaidh le reilig Árd-an-Aifrinn ar thaobh na fairrge; níl fánaidh ar bith le reilig Ros-na-Cille. Tá crann measardha mór agus cupla crann bheag isle i reilig na nGall; níl cruinn ar bith ins an reilig Ghaehealach, ach amháin blathannaí atá thart ar chuid de na h-uaigheannaí.An tumba is sine atá sa reilig Gaedhealach do réir an eolais atá air an tumba cuireadh an marbhán sa bhliadhain 1785, Athrí Ó Siadhail an fear atá curtha ann. Ach sa bhliadhain sin ní rabh reilig ar bith ag na Gaedhil. Ach is cosamhail go rabh Athrí curtha(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhorráin
- Gender
- Female
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal
- Informant
- Diarmuid Ó Dorráin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal