School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 281
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa reilig Ghallda agus gur tógadh a chorp agus gur cuireadh sa reilig ag Árd-an-Aifrinn é.Turim-se is an chéad bliadhain ó shoin bhí reilig thiar i nDumhnach-Mhór san áit a bhfuil tobar Naomh-Bhudóg, agus tá na h-ardáin ós cionn na n-uaigheann le feiceál go fóill. Thug na Prodasdúnaigh leobhtha giota de leic a bhí ar uaigh i nDumhnach-Mhór agus bhí ainm Naomh Bhurdóg uirthí. Deirtear gur sháith siad é sa reilig Ghallda agus gur bfuarthas an leic cupla bliadhain ó shoin.Ba ghnátach leis na Prodasdúnaigh agus na Caitlicigh a chur fríd a chéile, ach ba leis na Gaedhil an reilig Ghallda chéad uair, ach bhain na h-Albanaigh dóbhtha í leis an láimh láidir, annsin fuair siad reilig dóbhtha féin agus baisteadh Árd-an-Aifrinn uirthí. Seo mar fuair siad é. Bhí ministir i gCrúachan agus bhí sé an-teireantach ar na Gaedhil. An lá seo bhí na Caitliocaigh ag dul le torramh. Nuair a chonnaic siad fhadh leis an geafta Ghallda chá leigfeadh an(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhorráin
- Gender
- Female
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal
- Informant
- Diarmuid Ó Dorráin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal