Pota Óir i bhFolach Tá pota óir folaírte ins an phortach in aice le Caireal Cárrain, an áit a rabh an caisleán ag na Normánaig fad ó shoin. Chuaidh cuid mhór fear bocht 'a chuartú ach chan fhuair duine ar bith aca é. Chuaidh cúpla fear a chuartú an óir aon uair amhaín, nuair a thaínig siad go dtí an áit mór fhág siad áit ar bith nar cuartuigh siad. Thaínig duine amháin aca go dtí áit ar shíl sé go bhfaca sé rud éiginteacht. D'iarr sé ar na fir eile theacht go dtí an áit. Thaínig siad agus thoisigh siad a thochailt tríd an fhraoch go dtí go rabh giota maith tochailte aca, ach cha rabh a dhath ann ach sean ghiota iarann chruaidh. Thochail siad amach é ach chan fhuair siad an t-ór. Cuaidh na fir bhochta 'un a bhaile agus croidhe trom aca.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »