Scoil: Ceathramha na gCanónach (uimhir rolla 16102)
- Suíomh:
- Carrownaganonagh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eoin Ó Gallchobhair

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 53
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá daoine áiridhe ann atá abalta 'Ruadh' a léigheas. 'Órtha an Ruaidh' a tugtar air. Do réir an tseanchuis is é Mac Dé é féin a léigheas an Ruadh chéad uair. Bhí sé féin 's a Mháthair bheannuighthe a' siubhal lá amháin. Casadh bó ortha a rabh 'Ruadh' uirthi. Sé an bhó an chéad ainmhidhe a rabh sé uirthi.
"Léigheas an bhó a Mháthair," arsa'n Mac.
"Léigheas féin í, ós leat a thig," arsan'n Mháthair.
"Úr go rabh a h-údh agus críon go rabh a h-at."
....
Tá deilín fada le seo a deir an té a bhfuil an t-órtha aige ach níl fhios agam an chuid eile.
Le h-im guirt a grútheas an léigheas, ó tharla gur ar an bhó bhí sé chéad uair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Antoin Mac Garbaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Millford, Co. Donegal