School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 075 Forward
Resolution: Low | High
Luinneach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

a chur ar téad ins an pháirc.
Chuaidh sé siar fhad leis an fhear agus chuir ceist air cá toighe a rabh sé ag cur na bó ar téad annsin.
Mise fear de na daoine beaga arsa seisean agus thug muid linn dó bó nó bhí an bainne a dhith orainn agus d'fhág muid sean bheathach ina h-áit. Bhéarfaidh mé duit anois í agus beidh go leor bainne agaibh agus ní bhéidh sibh lá bocht go deo. Tháinig seo uilig isteach fíor agus bhí siad go saidhbhir ina dhiaidh sin.

Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí sé ag obair amuigh gach aon lá agus ag deireadh na seachtmhaine, nuair a thigeadh sé chun an bhaile, bhéarfadh sé punt do na mnaoí agus deirfeadh sé leithe go rabh sin fá choinne na coise

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
13
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Informant
Máire Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
64
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Language
Irish