Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 430
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'éirigh sí agus rinn sí a cuid. Dubhairt sé annsin "Da mbá fhéin inghean rígh as Éirinn rachainn a luighe," acht níor labhair sí aon fhocal ariamh leis an mhadadh dhubh. Ní rabh cead ag an mhadadh dhubh aon rud a innse díthe go labhaireadh sí fhéin an chead uair.
Chuaidh sí a luighe agus nuair a chodluigh sí luigh an teach anuas ina mullach agus bhí sí comhair a bheith marbh. Chlis sí suas agus dubhairt sí, "caidé atá ag teacht orm?"
"Is mór an gar," arsa an madadh dubh "go bhfuair tú an chainnt." Thig liomsa mo chomhradh a dhéanamh leat anois," arsa seisean. "Thig liom-sa a bheith ag cainnt leat i gcomhnuidhe."
"Tá mise fa gheasaibh." "cé aca is fearr leat mé a bheith mo mhadah sa la agus mo fhear ins an oidhche no mo fhear ins an lá agus mo mhadah san oidhche."
"Tá an oidhche uaigneach," arsa sise "agus is fearr liom tú a bhith do mhadadh sa lá agus in do fhear ins an oidhche."
Bhí siad ar an oileán go cionn bliadhna. Tháinig an madadh dubh isteach tráthnóna amháin agus dubhairt go rabh coithrim mhór le bheith i dteach a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhuirnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Donegal