School: Dooey (roll number 15657)
- Location:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Mac Amhlaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dooey
- XML Page 227
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí lanamhain ann agus bhí an fear na figheadóir. Tháinig am baint na mónadh agus fuair an fear cupla fear le cuideadh leis an mhóin a bhaint.”
(continued from previous page)tháinig sé go dtí teach agus chonnaic sé beirt bhan agus greim ag bean aca ar cóirnéal de'n teach agus bhí greim ag an bean eile ar an cóirnéal eile. D'fiafruigh sé dobhtha goidé bhí siad ag deanamh. Dubhairt siad-san go rabh siad ag iarraidh an teach a gionntughadh in áit a rabh an ghaoith leis an doras. Bhí dhá doras ar an teach. Dubhairt seisean leobhtha nar bhfearr dobhtha an doras a rabh ghaoith ann a dhruid agus an doras eile a fhosgladh. Dubhairt siad-san annsin nar chuimnigh siad ariamh ar sin.
D'ubhairt an fear annsin go mbéadh sé ag siubhal go dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé bfuigheadh sé beirt ar bith comh h-aimeadeach leobhtha. Tháinig sé go dtí teach eile agus bhí beirt bhan ag an teach seo agus greim ag bean aca ar adhairc bo agus greim ag an bean eile ar an ruball. D'fiafraigh(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Chanáin
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Ní Chanáin
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal