School: Béal an Átha Móir (roll number 10105)
- Location:
- Béal an Átha Móir, Co. Donegal
- Teacher: Mícheal Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal an Átha Móir
- XML Page 319
- XML “Airgín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fáthach ‘na chomhnuidhe i gCnoc Leitreach am amháin darbh ainm “Airgín” agus bhí teach a dhith air do fhéin uilig bhí sé comh mór sin. Bhí a áthairm beo fosta agus ní rabh áit ar bith aige le dul nó bhí an teach uilig a dhith ar a mhac “Airgín”. Rinn an t-áthair amach lá amháin go gcuirfeadh sé a mhac ar shiubhal agus cead aige deanamh amach dó fhéin.
Dubhairt Airgín go n-imeochadh sé da bhfuigheadh sé bata maith. “Maith go leór”, arsa’n t-áthair, “gheobaidh mise bata duit”. D’imthigh an t-áthair isteach na coilleadh agus bhain sé géag de’n chrann a ba mhó ‘san coillidh agus thug sé dó Airgín é. “Caidé’n mhaith atá ‘san chipín sin” arsa Airgín, ag deanamh dhá chuid de ar a ghlún.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Address
- Baile na Finne, Co. Donegal
- Informant
- Seamús O Cuinn
- Gender
- Male
- Address
- Loch Muc, Co. Donegal