School: Mullanmore (roll number 1734)

Location:
An Mullán Mór, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Coilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullanmore
  2. XML Page 228
  3. XML “An tAm a Chuaigh mé go Tír Eoghain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    deireadh d'éirigh an gasúr fhad leis an bhascaid agus thóg sé an clár dí. D'amharc sé isteach agus caidé a bhí ann acht nodhanán beag. Bhí an gasúr an sganrighthe nuair a chonnaic sé seo. Smaointigh sé dá bhfágadh an bhascaid na dhiaidh go bhfuigheadh fear an t-siopa gaibhte é. Thug sé leis an bhascaid agus d'imthigh sé amach na sráide, agus rith sé an méid a bhí in a chorp ag tarraingt ar dhroichead Sraith an Urláir. Bhí ceardhcha beag ag ceann an droicid agus cupla gabha ag obair ann. Ní rabh solas ro mhaith aca agus rith an gasúr isteach agus d'fhág sé an bhascaid istoigh i gcoirneal dhorcha a bhí ann. Rith sé amach arais agus d'imthigh leis. Acht ní dheachaidh sé i bhfad gur mhothuigh sé fear no beirt in a dhiaidh. Fa dheireadh chuir sé an chor ortha agus chuaidh sé isteach i bpáirc mhór a bhí ann agus bhí sgaifte mor eallaigh innte. Bhí sé ag sioc go cruaidh an oidhche sin agus bhí an gasúr cos-tarnocht. Bhí a chosa iongantach fuar chuir sé beathach de'n eallaigh na seaseamh agus luigh sé fhéin in a h-áit fá choinne a chosa a theidheadh. Ní rabh sé i bhfad na luigh go dtainig an fear mhór isteach na pairce agus bata mór leis. Thiomain sé ceann de'n eallach leis. Sgáruigh an ghasúr roimh an fhear agus d'imthigh leis an bealach mór. Fa dheireadh chonnaic sé solas i dteach beag agus tharring sé air agus chuaidh sé isteach. Ní rabh istoigh acht bean nuair a chuaidh sé isteach agus d'fhiosruigh sé díthe an gcoinneochaidh sí é go maidin, go rabh sé an tuirseach. Dubhairt sise leis go rabh beirt ghasúair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Ní Bhaoighil
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    An Mullán Mór, Co. Donegal