School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí siad ag tionntadh a bhaile dubhairt Aodh Ó Baoghaill leis an Donnan. "Ní bhfuighidh mise aon ghréim no deoch nach bhfuighidh tusa leath de". Agus anuas an t-Éadan Anfaidh bhí lá an te ann. Chuaidh Aodh Ó Baoghaill agus an Donnan isteach i dteach go bhfuigheadh siad deoch. D'iarr Aodh Ó Baoghaill deoch. Fuair sé gagan bainne mhilis. Thóg sé an gogan agus d'ól sé é "tchím" arsa 'n Donnan "gur goirid a choinnigheann tú suas le do ghealltanas". "O gheobhaidh tusa ceann eile" arsa Aodh Ó Baoghaill "Ní h-é sin do ghealltanas" arsa an Donnan " tá mise réidh leat. "bhfeicfidh mé aráis tú" arsa Aodh Ó Baoghaill. Ní thiocfaidh mise aráis go dtí an lá a bhriseas Binn Chritin arsa an Donnan go dtí go rabh an tír teann leis na Gaedhil. Beidh mise annsin an lá sin. Sin an rud a bhaist Bealach na gCreach ar Bhealach na gCreach go dtí an lá atá indiu ann.Séamus Ó Gallchobhair,
Árd Donn,
Na Gleanntaí- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An tArd Donn, Co. Donegal