School: Dún Ceann Fhaolaidh (roll number 15499)
- Location:
- Dunkineely, Co. Donegal
- Teacher: Seaghan Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Ceann Fhaolaidh
- XML Page 335
- XML “Comharthaí Aimsire a mBíodh Iomrá orthu roimhe seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad fás ro luath cuir I geás ins an Mhárta “Tiocfaidh mulleadh ar sin”.
Deirfeadh siad gur cómhartha doinnin deora a fheiceal ar toinn. Nuair a théidhfeadh siad a leithid deirfeadh siad “cuirfear si fin siúbal ionnta siad go foill”.
Nuair a théidhfeadh siad loinnear ins na carraigeacha ar an cnoc déirfeadh siad gur sin cómhartha neart boglag. Deirfheadh siad nar mhaith leo ceo sean gealaigh a fheiceal ach gur mhaith leo ceo gealaigh úr a fheiceal.
Da mbeadh lá fluich ann agus na cearca a theacht amach agus iad fhéin a fluicheadh deirfeadh siad nach ndeanadh sé turadh an lá sin. Da mbeadh lacain a sgairtigh os árd deirfeadh síad “a sgartaigh ar ghaoth atá siad”. Da bhfeiceadh siad na caoraigh ina luighe I gcnap amháin I lár a’ lae. Deirfeadh siad go mbeadh droch aimsear ann ina diaidh sin.
Da mbeadh sneachta ann agus é imeacht gan casgairt measardha garbh deirfeadh siad go dtiocfadh sneachta arais an bhliadhain sin mar nach cuireadh ar siubhal go garbh é.