Scoil: Lettercran (uimhir rolla 12049)
- Suíomh:
- Lettercran, Co. Donegal
- Múinteoir: Peadar S. Ó Duibhidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt gur cuireadh na h-ubheacha i mbarraillibh lán d'uisce .Gréasuidhthe
Bhí dhá gréasuidhe 'san gceanntar seo fadó agus bhí siad ag obair go gnóthach lá is d'óidhche ag déanamh bróg. Seachas sin bhí gréasuidthe ag dul o theach to teach ag cleachtadh a gcéird. Ceithre scilling an uach a bhí ar péidre bróg 70.
mbliadhain o shion agus nuair do bhí duine le pósaidh sin é an chéad uair a fuair sé péidre bróg. Pilip Mac Aonghusa, Séamus O Cinnéide, Alastar Mac Conmídé, Séamus O Coingheallaigh gréasaidhche a bhí ann sa mbliadhain shion.
Táilliúirí
Bhí trúir tailliúirí 'sa cheanntar seo agus rinne siad brístí as corduroy agus moleskin agus mhóir an briste sin seacht no ocht mbliadhain. Rinne siad culaith éadaigh ar [?]. Bhí a lan tailluírí ag dul ó áit go h-áit agus biadh agus loisdén a gcuid saothair. Aodh Mac Aodha agus Séamus Mac Goilla Eóin tailliúirí do bhí ann.Figheadóirí
Bhí Tómas Mac Murhadha agus a bheirt mac mar figheadóirí ann agus Aodh O Muimeacháin i mBoth-iséal. Níl sé marbh acth 18 mbliadhain.(leanann ar an chéad leathanach eile)