School: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán (roll number 11461)
- Location:
- Dungarvan, Co. Waterford
- Teacher: An tSr R. Ní Fhearghail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán
- XML Page 9
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Naomh Pádraig ag aireach na h-eunlaithe as an arbhar agus chuir sé isteach i bhfothrach iad....”
(continued from previous page)mhór chun go bhfaghadh sé cabhair dó fhéin agus dá chuallachta agus ní raibh aon rud ann. Do bhí na leóin agus na madraí ar an mbán roimhe agus iad ag rith chun é d'ithe agus ní bhain aon ceann aca leis. Luigh a gcuid clúmh a bhí, ina seasamh, luigh sé siar ortha. Chuadar go dtí tigh bocht annsan agus d'fhiafruigh sé de'n bhean a bhí ann go bhfaghfad sí greim le n'ithe dóibh; dubhairt s leo go raibh an t-arán a bhácháil agus ná bheadh sé i bhfad. Chuaidh sí ag crúdh an ghabhair annsan agus fuair sí leamhnacht gabhair agus bheirbhig sí é ahus thug sí rud le n-ithe dóibh. Gabhadar buidheachas leí. Bhí an lá go holch agus dubhairt sí leo fuireach ón bhfearthainn. Tháinig scéala ón dtig mór ag glaodhac ar Naomh Pádraig agus chuaidh sé thar nais. Bhí duine aca á thachtadh ag greim feola a chuaidh ina mhuinéal. D'oscail Naomh Pádraig an fhuinneóg nuair a chuaidh sé isteach agus tháinig colúr bán isteach. Cuir sé a gob siar ina bhéal agus thug sé leis an ghreim aniar agus fuair sé faoiseamh annsan uaithi agus níor iarr sé ortha é agus d'imthig sé leis. Sin é an uair a chuaigh sé ag beannughadh na h-Éireann. Bheannuigh sé Éire go léir in gach aon áit ahus sin é a bhfuil agam de Naomh Pádraig agus má thá bréag ann bíodh.- Collector
- Bríghid Ní Chaoimh
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Ó Chaoimh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Killosseragh, Co. Waterford