School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Location:
Westport, Co. Mayo
Teacher:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Page 195
  3. XML “An Gearrán Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach ins an mála iad agus moill ní dhearna sé go dtáinic sé abhaile arís. Fáisgeann sé na craicne le chéile agus d'fhuadaigh sé da chéile iad timcheall ar a' ngearrán. (anoi)s" ars ' Micheál olann a bhéas ort agus ní fionnadh. Bhí na daoine go léir (ag) gáire agus a' fonomhaid mar gheall ar an obair seo a rinne Micheál. Níor árd duine ar bith acu go bhfasfadh an olann ach bhí fhios níos fearr ag Micheál. I GCeann cúpla mí ní fhaca tú rud ar bith níos fearr 'bhí dthánamh ná mar bhí an gearrán, agus an olann a' fás go breágh tiugh. Nuair tháinic an t-Earrach bhí lomradh breagh ar a' ngearrán. Bhearr Micheál fritheadh gcart olna. D'admhuigh na daoine uilig annsin go mba íontach meabhair cinn a bhí ag Micheál. Micheál a bhí ag magadh fútha anois. Ar chuma ar bith bhain sé an t-Earrach sin as an nGearrán ag obair. ...sriathar agus cliabh. Nuair a bhí an t-Earrach críochnuighthe chuir Micheál cunntas bid 's i ngcárr go rabh gearrán bán aige agus gur olann bhí a' fás air i leabaidh lionadh, go rabh neart olna le fághail aige in-éadan gach ráithe agus go rabh sé ag déanamh oibre dhó le sriathar agus Cliabh a' tarraingt feamainne agus aoile agus neart rudaí eile. Bhí sé sásta é a dhíol. Tháinic fearas Cúige Mumhan go dtí Micheál agus d'fhiafruigh de "Cá ' il do ghearrán bán?", a mbíonn an olann (.... ) air, go mbíonn ag obair le sriathar agus Cliabh. Má's fíor é, ceannochaidh mé é. "Sgéal fíor é ars Micheál. Bhreathnaigh an ceannaightheoir go géar ar a' ngearrán. "Cé méid? " ar sé. "Sgór Punt" deir Micheál "Tóg nó fág". .....idh agadh" ars an ceannaightheoir agus leag sé £20 i láimh Mhichíl agus tug Micheál £1 ar ais - airgead sonas - D'imthigh an fear a' marcaidheaht ar a ' ngearrán. Ní rabh am amú 'ar bhí air. Thug sé an capall isteach ag áit a rabh taisbeántas mór agus tháinic na mílte a' breathnú ar a' ngearrán. Ghnóthuigh sé £100. ..... (ceann)aigh sé an gearrán go ceann 126/- agus d'éirigh sé an shaidhbhir. Cuireadh sé 2 chuile Nodlag ag Micheál. Nuair cailleadh Micheál Ó Corráin agus a bhean ....gh sé annsin a bheith a' sgríobh mar ní rabh aon duine a bhain leis an sean-lanamhna beó. Bhí ráidhte gur mhair an gearrán 15 bl. tréis lá a Phoitín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Language
    Irish
    Collector
    C. J. Ó hAoláin
    Gender
    Male